Is clár bia sláintiúil fianaisebhunaithe é Food Dudes, atá deartha chun páistí a spreagadh níos mó torthaí agus glasraí a ithe.
Cad é Food Dudes?
Cuirtear Scéim Torthaí agus Glasraí Scoile an AE ar fáil do bhunscoileanna in Éirinn tríd an gClár Bia Sláintiúil Food Dudes..
Tá Food Dudes deartha chun dearcadh leanaí i leith torthaí agus glasraí úra a athrú go dearfach, trí thrí phríomhghné a chur le chéile:
Athbhlaiseadh, Luach Saothair and Rólmhúnlú.
Cuirtear an clár nua ar fáil ar thimthriall leanúnach i scoileanna.
Baineann Food Dudes úsáid as pacáistiú inmhúirínithe chun torthaí agus glasraí úra agus ábhair oideachasúla a sheachadadh do dhaltaí atá ag glacadh páirte ar fud na tíre.



