Oidis Food Dudes

Anraith Liamháis agus Pónairí

A dhóthain do
6 dhuine fhásta nó 2 dhuine fhásta agus 6 pháiste
Am ullmhúcháin
10 nóiméad
Am cócarála
55 nóiméad

Trealamh ag teastáil: Clár mionghearrtha, Scian ghéar, Sáspan, Spúnóg mhór (spúnóg adhmaid nó eile), Spúnóg bhoird, Crúiscín tomhais

Príomh-Chomhábhair

  • 250g liamhás, gearrtha ina chiúbanna
  • Spúnóg bhoird ola olóige
  • Oinniún mór, scafa agus mionghearrtha
  • 2 chairéad, scafa agus mionghearrtha
  • 2 chraobh shoilire, mionghearrtha
  • 2 chainneann, nite agus mionghearrtha
  • 2 ionga gairleoige, scafa agus mionghearrtha
  • Spúnóg tae cruachta de phaiprice deataithe (roghnach)
  • Leathspúnóg tae siúcra
  • 400g canna trátaí mionghearrtha
  • Spúnóg bhoird de phurée trátaí (roghnach)
  • 700ml stoc (is féidir leat stoc a úsáid ó chócaireacht an liamháis, nó eile) nó uisce
  • Duilleog labhrais (roghnach)
  • 400g canna pónairí Cannellini, silte agus sruthlaithe
  • Piobar dubh úrmheilte
  • Basal (roghnach)

Modh

  1. Téigh an ola i sáspan mór ar theas measartha.
  2. Cuir isteach an t-oinniún, cairéid, soilire, cainneann agus gairleog agus cócaráil go mall ar feadh thart ar 15 nóiméad, á gcorraí anois is arís, go mbeidh na glasraí bog.
  3. Measc isteach an paiprice (más maith leat) agus siúcra agus cócaráil ar feadh 2 nóiméad eile.
  4. Cuir isteach na trátaí, purée trátaí (más maith leat), stoc nó uisce, ansin clúdaigh le claibín agus cuir ar fiuchadh go mall é.
  5. Suanbhruith ar feadh thart ar 30 nóiméad é. Cuir isteach na píosaí liamháis agus na pónairí cannellini.
  6. Cócaráil ar feadh 10 nóiméad eile.
  7. Ná bíodh imní ort má tá an t-anraith róthiubh, cuir beagán níos mó stoic nó uisce leis.
  8. Is féidir cáis ghrátáilte, basal agus arán caiscín a chur leis.

Leid Iontach

Is féidir liamhás atá fágtha agat cheana a úsáid san oideas seo. Níl le déanamh ach an liamhás a ghearradh ina chiúbanna nó a mhionstialladh agus a chur isteach san anraith.

Anraith Liamháis agus Pónairí ×