Oidis Food Dudes

Spaigití Bolognese

A dhóthain do
2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
Am ullmhúcháin
15 nóiméad
Am cócarála
45 nóiméad

Trealamh ag teastáil: Oigheann, síothlán nó criathar, 2 x sáspain nó potaí, Clár mionghearrtha, Scamhaire glasraí, Spúnóg mhór (spúnóg adhmaid nó eile), Scian ghéar

Príomh-Chomhábhair

  • 400g mairteoil mhionaithe
  • 2 chraobh shoilire, mionghearrtha
  • 2 chairéad meánmhéide, scafa agus mionghearrtha
  • 400ml stoc mairteola nó sicín
  • 2 x 400g channa de thrátaí mionghearrtha
  • 2 spúnóg bhoird d’ola chócaireachta
  • 2 ionga gairleoige
  • Oinniún
  • Céadar geal, grátáilte
  • Arán gairleoige
  • Sailéad
  • Salann agus piobar dubh úrmheilte

Modh

  1. Mionghearr an t-oinniún agus an ghairleog
  2. Déan slisní de na cairéid agus ullmhaigh an soilire
  3. Téigh an ola i sáspan ar theas measartha
  4. Cuir isteach an t-oinniún, na cairéid agus an soilire le gráinne salainn agus piobair. Cócaráil ar feadh 6-7 nóiméad go n-éireoidh siad bog
  5. Cuir isteach an ghairleog agus cócaráil ar feadh 2 nóiméad eile
  6. Cuir an mhairteoil mhionaithe leis agus cócaráil ar feadh 5-7 nóiméad í go dtiocfaidh dath donn uirthi. Bris ina giotaí beaga le spúnóg adhmaid í agus í ag cócaráil
  7. Cuir na trátaí leis an bpanna agus corraigh go maith iad
  8. Doirt leath den stoc agus lig dó cócaráil go dtosóidh an meascán ag boilgearnach. Cuir isteach níos mó le haghaidh anlann níos leachtaí, ach seans nach mbeidh tú in ann an stoc uilig a chur leis
  9. Ísligh an teas agus coinnigh ar suanbhruith ar feadh 30 nóiméad é, á chorraí ó am go ham ionas nach gcloífidh sé leis an bpanna, go dtí go mbeidh sé tiubh
  10. Líon sáspan mór le huisce agus cuir isteach gráinne salainn
  11. Cuir ar theas measartha agus cuir ar fiuchadh é
  12. Cuir isteach an spaigití (nó do rogha pasta) agus corraigh go maith é
  13. Fág ag cócaráil é de réir na dtreoracha ar an bpacáiste, go mbeidh sé bog ach go mbeidh greim bheag aige fós (tugtar ‘al dente’ air seo)
  14. Síothlaigh an pasta i síothlán
  15. Measc an pasta leis an anlann
  16. Molann muid céadar geal grátáilte agus arán gairleoige tóstáilte (chun an t-anlann blasta a ghlanadh!) a chur leis, le sailéad duilleach ar an taobh

Leid Iontach

Le haghaidh anlann níos saibhre, lig dó suanbhruith níos faide. Déan cinnte é a sheiceáil agus é a líonadh le píosa stoic nó uisce má thránn sé.

Leid Iontach

Déan do bhéile níos sláintiúla trí níos mó de na glasraí is fearr leat a chur leis an anlann. Is rogha iontach iad muisiriúin, cúirséad, ubhthoradh agus fiú piseanna.

Spaigití Bolognese ×