Oidis Food Dudes

Pióg an Aoire

A dhóthain do
2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
Am ullmhúcháin
10-15 nóiméad
Am cócarála
50 nóiméad

Tá an t-oideas gearr agus furasta seo thar a bheith éasca a dhéanamh. Teastóidh an trealamh seo a leanas uait: Clár mionghearrtha, Scian ghéar, Friochtán mór, Spúnóg mhór (spúnóg adhmaid nó eile), Taespúnóg, Crúiscín tomhais, Brúiteoir agus mias

Príomh-Chomhábhair

  • 450g mairteoil thrua mhionaithe
  • Spúnóg bhoird ola olóige
  • Oinniún, scafa agus mionghearrtha
  • 2 chairéad, scafa agus gearrtha ina gciúbanna
  • Spúnóg bhoird de phlúr bán
  • 400g trátaí i gcanna
  • 2 spúnóg bhoird de phurée trátaí (roghnach)
  • 125ml uisce
  • Salann agus piobar dubh
  • 1 kg prátaí, cócaráilte
  • Spúnóg bhoird ime
  • Giota beag bainne (nó uachtar)

Modh

  1. Téigh an ola i bhfriochtán.
  2. Cuir an t-oinniún agus an ghairleog leis go mbeidh siad bog.
  3. Bain den phanna agus coinnigh te iad.
  4. Téigh beagán níos mó ola agus cuir isteach an mhairteoil mhionaithe go dtiocfaidh dath donn uirthi.
  5. Measc isteach an plúr agus cócaráil.
  6. Cuir isteach na hoinniúin, cairéid, trátaí, purée (más maith leat é a úsáid), uisce, salann agus piobar.
  7. Déan iad a fhiuchadh agus a shuanbhruith ar feadh 15-20 nóiméad.
  8. Réamhthéigh an t-oigheann @180°C.
  9. Doirt an meascán isteach i mias.
  10. Déan brúitín de na prátaí ar do rogha slí! Cuir isteach bainne / im srl.
  11. Cuir an brúitín ar bharr na mionfheola sa mhias.
  12. Cócaráil ar feadh 20-25 nóiméad go dtiocfaidh dath donn air.

Leid Iontach

Más maith leat barrán brioscánach, croith roinnt cáis ghrátáilte air sula gcuireann tú isteach san oigheann é.

Leid Iontach

Le haghaidh cuid bhreise glasraí, cuir isteach cupán piseanna reoite nó grán milis ag céim 6 nó déan iad a sheirbheáil in éineacht le do bhéile

Tuilleadh Oidis

Do Rogha Uibheagán

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15 nóiméad

Dingeacha Práta

2 dhuine fhásta nó duine fásta agus 3 pháiste
30 nóiméad

Millíní Feola Mairteola agus Muisiriún

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
20 nóiméad

Chilli Con Carne

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
50 nóiméad

Prátaí Stuáilte Cáise le Bagún agus Ubh

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15-20 nóiméad

Suaithfhriochadh Sicín Éasca

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15 nóiméad
Pióg an Aoire ×