Oidis Food Dudes

Chilli Con Carne

A dhóthain do
2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
Am ullmhúcháin
10-15 nóiméad
Am cócarála
50 nóiméad

Leis an Chilli Con Carne gasta seo a dhéanamh, teastóidh an trealamh seo a leanas uait: Clár mionghearrtha, Scian ghéar, Friochtán mór, Spúnóg mhór (spúnóg adhmaid nó eile), Crúiscín tomhais, Spúnóg bhoird agus taespúnóg

Príomh-Chomhábhair

  • Leathspúnóg bhoird d’ola olóige
  • 450g mairteoil nó uaineoil mhionaithe
  • 1-2 oinniún, scafa agus mionghearrtha
  • 2-3 ionga gairleoige, scafa agus brúite
  • Anlann:
    • ›Leathspúnóg thae de phúdar sillí (roghnach)
    • ›Leathspúnóg thae de chuimín mheilte (roghnach)
    • ›Taespúnóg siúcra nó cearnóg de sheacláid dhorcha (roghnach)
    • ›400g canna trátaí
    • ›125ml stoc mairteola nó uisce
  • Salann agus piobar dubh
  • 400g canna pónairí dearga duánacha
  • Crème fraiche (roghnach)
  • Rís bhruite

Method

  1. Téigh an ola i bhfriochtán mór.
  2. Cuir an fheoil isteach agus lig di donnú go maith. Cuir an t-oinniún agus an ghairleog leis agus cócaráil ar feadh 2-3 nóiméad.
  3. Cuir isteach an púdar sillí/cuimín (más maith leat iad a úsáid), trátaí agus stoc. Corraigh go maith iad.
  4. Blaistigh agus cuir ar fiuchadh iad. Cócaráil go réidh ar feadh 35 nóiméad, ag corraí ó am go chéile.
  5. Cuir na pónairí leis agus cócaráil ar feadh 15 nóiméad eile.
  6. Seachas taespúnóg shiúcra a chur leis, is féidir leat píosa beag (cearnóg) seacláide dorcha (faoi mhéid d’ionga ordóige) a chorraí nuair a chuireann tú na pónairí leis. Déanfaidh aon seacláid dhorcha cúis.
  7. Is féidir rís nó tortillas a chur leis. Cuirfidh salsa agus neart barráin blas breise le do bhéile.

Leid Iontach

Fuílleach? Cén fáth nach n-úsáidfeá an chilli con carne seo mar bharr blasta le haghaidh prátaí bácáilte, nó fillte i mburrito chomh maith le sailéad duilleach agus cáis grátáilte le haghaidh lóin an lá dár gcionn. An-deas!

Tuilleadh Oidis

Dingeacha Práta

2 dhuine fhásta nó duine fásta agus 3 pháiste
30 nóiméad

Prátaí Stuáilte Cáise le Bagún agus Ubh

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15-20 nóiméad

Pióg an Aoire

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
50 nóiméad

Suaithfhriochadh Sicín Éasca

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15 nóiméad
Chilli Con Carne ×