Oidis Food Dudes

Dingeacha Práta

A dhóthain do
2 dhuine fhásta nó duine fásta agus 3 pháiste
Am ullmhúcháin
10 nóiméad
Am cócarála
30 nóiméad

Trealamh ag teastáil: Clár mionghearrtha, Scian ghéar, Páipéar cistine, Tráidire bácála agus oigheann

Príomh-Chomhábhair

  • 450g prátaí Rooster
  • 2 spbh ola olóige
  • Spbh síobhais mhionghearrtha (roghnach)
  • Salann sáile & piobar úrmheilte

Modh

  1. Réamhthéigh an t-oigheann go dtí 200° C.
  2. Gearr na prátaí i ndingeacha ar cóimhéid.
  3. Triomaigh na dingeacha le páipéar cistine.
  4. Cuir ar thráidire bácála agus croith steall bheag den ola olóige orthu. Suaith na dingeacha san ola.
  5. Croith roinnt salann agus piobar orthu.
  6. Bácáil san oigheann ar feadh 25-30 nóiméad iad nó go mbeidh siad iomlán cócaráilte le dath donnórga orthu. Cuir síobhais ar a mbarr nó croith roinnt oinniúin earraigh orthu.
  7. Is féidir iad a chur le béile ar bith!

Leid Iontach

Cuir roinnt spíosraí ar nós cuimín, paiprice agus tuirmiric isteach nó roinnt sillí agus oinniúin earraigh slisnithe le haghaidh casadh spíosrach

Leid Iontach

Gearr i bpíosaí níos lú iad agus cócarálfaidh siad i bhfad níos tapa. Is féidir leat na craicne a fhágáil orthu le haghaidh béile níos tapúla agus níos cothaithí

Tuilleadh Oidis

Chilli Con Carne

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
50 nóiméad

Prátaí Stuáilte Cáise le Bagún agus Ubh

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15-20 nóiméad

Pióg an Aoire

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
50 nóiméad

Suaithfhriochadh Sicín Éasca

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15 nóiméad
Dingeacha Práta ×