Oidis Food Dudes

Do Rogha Uibheagán

A dhóthain do
2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
Am ullmhúcháin
5 nóiméad
Am cócarála
15 nóiméad

Trealamh ag teastáil: Friochtán, Spadal, Crúiscín, Spúnóg bhoird, Clár mionghearrtha, Scian ghéar

Príomh-Chomhábhair

  • 1.5 spúnóg bhoird d’ola olóige
  • 4-6 phráta, scafa agus gearrtha ina chiúbanna
  • Oinniún, mionghearrtha
  • 2 ionga gairleoige, mionghearrtha
  • 8 n-ubh, buailte le 2 spúnóg bhoird de cháis ghrátáilte
  • Beagán salainn agus piobar dubh úrmheilte
  • Peirsil mhionghearrtha (roghnach)

Modh

  1. Téigh an ola i bpanna neamhghreamaitheach agus cócaráil na prátaí ar feadh 8-10 nóiméad go mbeidh siad beagnach bruite agus ag donnú.
  2. Cuir isteach an t-oinniún agus lean ar aghaidh ag cócaráil go dtiocfaidh dath órga ar an oinniún. Cuir an ghairleog leis ansin.
  3. Nuair a bheidh na prátaí cócaráilte, blaistigh an meascán uibhe agus cuir leis na prátaí é.
  4. Corraigh go maith é agus lig do na huibheacha cócaráil ar thaobh amháin. Cuir pláta thar an bpanna agus cas an t-uibheagán go cúramach ar an bpláta, ansin sleamhnaigh ar ais isteach sa phanna é chun an taobh eile a chócaráil.
  5. Is féidir peirsil a chur ar an mbarr agus é a ghearradh ina dhingeacha.

Leid Iontach

Is bealach iontach iad uibheagáin chun aon chomhábhair atá fágtha agat i do chuisneoir a úsáid. Cuir liamhás mionghearrtha, muisiriúin slisnithe, glasraí cócaráilte, cáis agus fiú roinnt prátaí slisnithe le haghaidh béile blasta a líonfaidh tú.

Tuilleadh Oidis

Millíní Feola Mairteola agus Muisiriún

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
20 nóiméad

Prátaí Stuáilte Cáise le Bagún agus Ubh

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15-20 nóiméad

Pióg an Aoire

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
50 nóiméad
Do Rogha Uibheagán ×