Oidis Food Dudes

Báca Práta, Bagúin agus Cabáiste

A dhóthain do
2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
Am ullmhúcháin
10-15 nóiméad
Am cócarála
30 nóiméad

Trealamh ag teastáil:Clár mionghearrtha, Scian ghéar, Spúnóg bhoird, Mias is féidir a chur san oigheann, Oigheann, Grátalaí, Sáspan, Síothlán agus spúnóg mhór (adhmaid nó eile)

Príomh-Chomhábhair

  • 2 phráta mhóra plúracha m.sh. Rooster (thart ar 400g)
  • 300g cabáiste glas – mionstiallta
  • 70g bagún nó liamhás, mionstiallta agus cócaráilte
  • Ionga gairleoige, scafa agus mionghearrtha
  • 130ml uachtar
  • 130ml bainne bearrtha
  • Leathspúnóg bhoird ime
  • 15g grabhróga aráin
  • 75g céadar aibí
  • 10g parmasán, grátáilte
  • Leathspúnóg bhoird de pheirsil mhionghearrtha (roghnach)
  • Salann agus piobar dubh úrmheilte (roghnach)

Modh

  1. Téigh an t-oigheann go Gásmharc 6, 200°C (400°F).
  2. Cnagbhruith na prátaí ar feadh 5 nóiméad agus ansin síothlaigh iad. Nuair a bheidh na prátaí fuaraithe, déan slisní tanaí díobh agus cuir i leataobh iad.
  3. Sleabhac an cabáiste, blaistigh go maith agus measc isteach an bagún nó an liamhás.
  4. Téigh an t-uachtar, bainne, im agus gairleog i sáspan le gráinne salainn agus piobar. Cuir i leataobh é.
  5. Ag baint úsáid as mias is féidir a chur san oigheann, cuir na prátaí, cáis, liamhás agus cabáiste i sraitheanna agus cuir prátaí ar an mbarr. Ansin croith céadar, parmasán agus peirsil air.
  6. Bácáil san oigheann ar feadh 25 nóiméad go dtiocfaidh dath donnórga ar an mbarr.
  7. Cuir ar an mbord láithreach!

Leid Iontach

Is féidir an t-oideas seo a athrú chun aon ghlasra nó feoil is mian leat a chur san áireamh! Más maith leat spíosraí a chur le do bhéile, cuir roinnt paiprice ar bharr na bprátaí!

Sainmhíniú

SLEABHAC – Cócaráilte go gairid go dtí go mbeidh a chruth caillte ag an gcabáiste

CNAGBHRUITH – Na prátaí a chócaráil go páirteach go dtí go mbeidh siad leathchócaráilte

Báca Práta, Bagúin agus Cabáiste ×