Oidis Food Dudes

Millíní Feola Mairteola agus Muisiriún

A dhóthain do
2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
Am ullmhúcháin
30 nóiméad
Am cócarála
20 nóiméad

Trealamh ag teastáil: Clár mionghearrtha, Párpháipéar, Scian ghéar, Oigheann, Grátálaí, Sáspan agus tráidire bácála

Príomh-Chomhábhair

Do na Millíní Feola

  • 250g muisiriúin, gearrtha de láimh ina gciúbanna
  • 300g mairteoil mhionaithe (nó meascán de mhairteoil agus muiceoil)
  • 100g biatas cócaráilte (i sú nádúrtha), mionghearrtha nó grátáilte (roghnach)
  • Leath oinniún mór, mionghearrtha nó grátáilte
  • 2.5 ionga gairleoige, brúite
  • Gráinne clóibh mheilte (roghnach)
  • Salann agus piobar dubh úrmheilte

Don Anlann

  • 2 spbh ola olóige
  • Leath oinniún mór, gearrtha go mion
  • 2.5 ionga gairleoige, brúite
  • Tsp paiprice (roghnach)
  • Canna trátaí mionghearrtha
  • 2 spbh purée trátaí
  • Tsp marós úr, gearrtha go mion (roghnach)
  • Gráinne siúcra

Le Cur Leo

  • Pasta, cócaráilte
  • Peirsil, gearrtha go mion (roghnach)
  • Parmasán nó céadar grátáilte (roghnach)

Modh

  1. Réamhthéigh an t-oigheann go dtí 180c (160c feanoigheann). Líneáil an tráidire bácála le párpháipéar bácála.
  2. Dísligh na muisiriúin, an biatas, leath an oinniúin, leath na gairleoga agus measc de láimh leis an bhfeoil, na clóibh, an salann agus an piobar go mbeidh siad cumaiscthe go maith.
  3. Déan liathróidí beaga as an meascán agus fág spás eatarthu ar an tráidire bácála.
  4. Bácáil san oigheann ar feadh 20 nóiméad iad.
  5. Idir an dá linn, téigh an ola i sáspan agus cuir an chuid eile den oinniún leis. Frioch go réidh ar feadh 3-4 nóiméad é sula gcuirfidh tú an ghairleog agus paiprice isteach.
  6. Cuir na trátaí mionghearrtha leis. Líon an canna le huisce fuar agus cuir leis an bpanna é.
  7. Cuir isteach an purée trátaí, marós agus siúcra. Blaistigh agus cuir ar suanbhruith. Cócaráil ar feadh 10 nóiméad.
  8. Nuair a bheidh na millíní feola cócaráilte, cuir isteach san anlann iad. Cuir pasta leo agus croith roinnt peirsile agus cáise ar do bhéile.

Leid Iontach

Is féidir leat aon fheoil mhionaithe a úsáid do na millíní feola ar nós muiceoil, uaineoil, turcaí srl.

Leid Iontach

Cén fáth nach n-úsáidfeá tú pasta caiscín chun neart snáithín a chur isteach i do bhéile?

Tuilleadh Oidis

Do Rogha Uibheagán

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15 nóiméad

Prátaí Stuáilte Cáise le Bagún agus Ubh

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15-20 nóiméad

Pióg an Aoire

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
50 nóiméad
Millíní Feola Mairteola agus Muisiriún ×