Tá trí chéim sa Chlár Itheacháin Sláintiúil Food Dudes a dearadh chun leanaí a spreagadh le torthaí agus glasraí a ithe.
Tá an clár bunaithe ar thrí ghné ar leith: bianna a bhlaiseadh arís agus arís eile, duaiseanna agus rólmhúnlú.
Sna blianta i ndiaidh Chéim 1 agus 2, glacann scoileanna páirt i Seachtainí Food Dudes.
Cad a tharlaíonn le linn Sheachtain Food Dudes?
Coinníonn an chéim seo rannpháirtíocht fhadtéarmach ar siúl i ndiaidh na hidirghabhála, chomh maith le méadú leanúnach a dhéanamh ar an méid
torthaí agus glasraí atá á n-ithe ar feadh na scoilbhliana ar fad.
Tacaíonn sé seo leis na leanaí nósanna itheacháin sláintiúla a fhorbairt ar feadh a saoil.
Áirítear le clár nuashonraithe Food Dudes gnéithe athbhreithnithe den chlár, amhail:
Is scoileanna speisialta iad beagán níos lú ná 5% de Bhunscoileanna na hÉireann. Déanann na scoileanna seo freastal ar dhaltaí a bhfuil an leibhéal isairde agus is casta de riachtanais speisialta oideachais acu, agus tá dianmhachnamh á dhéanamh anois ar na scoileanna sin.
Bunaithe ar aiseolas ó mhúinteoirí, tá duaiseanna saincheaptha á gcur ar fáil anois do scoileanna speisialta le haghaidh daltaí a bhfuil deacrachtaí
foghlama acu. Moltar anois do mhúinteoirí a gcuid teagaisc a choigeartú mar is cuí, in ionad an chláir foghlama atá leagtha amach a mhúineadh dá ranganna.
Seachas blaiseadh/ithe traidisiúnta, tá níos mó béime á cur anois ar fhoghlaim chéadfach sa seomra ranga agus sa bhaile, agus spreagtar na leanaí chun an bia a bhlaiseadh (a leadhbadh), lámh a leagan air, é a thógáil sa lámh agus é a bholú. Moltar anois gur cuí caoineoga, súnna, anraithí agus purée a dhéanamh as na torthaí agus glasraí chomh maith chun cabhrú lena mblaiseadh, agus ceol, rince agus amhránaíocht a chur mar thionlacan leis na físeáin agus na litreacha.
Trí theicnící nua teagaisc a úsáid, is féidir leis an gclár Food Dudes na torthaí céanna nó torthaí níos fearr a bhaint amach i scoileanna speisialta.
Cuirimid fáilte roimh aiseolas ó mhúinteoirí/tuismitheoirí am ar bith maidir le forbairt bhreise ar an gclár foghlama sainiúil seo.
* Tá na meáin Food Dudes nua maoinithe go hiomlán ag Ollscoil Bangor agus cruthaithe i gcomhpháirtíocht le RJDM, cuideachta meán sa RA arna choimisiúnú ag Príomhthaighdeoirí Ollscoil Bangor, an tOllamh Fergus Lowe agus Pauline Horne. Scríobhadh an script i gcomhar le Sean Carson agus ba iad Pauline agus Steffan Horne a chum liricí an amhráin Food Dudes.
Bainístíonn Bord Bia in Éirinn Clár Itheacháin Sláintiúil Food Dudes agus maoiníonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara é le tacaíocht ón Aontas Eorpach faoi Sceim Torthaí agus Glasraí na Scoileanna. Is é an tAonad Taighde ar Ghníomhaíocht Bhia i Scoil na Siceolaíochta in Ollscoil Bheannchar, sa Bhreatain Bheag, a d’fhorbair an clár. Cóipcheart © 2004 Ollscoil Bheannchar.