Is cuid thábhachtach d'aiste bia sláintiúil cothrom iad torthaí agus glasraí, toisc gur foinsí maithe snáithín iad, chomh maith le go leor vitimíní agus mianraí riachtanacha agus substaintí eile ar nós fíteaceimiceáin, a bhfuil éifeacht chosanta acu ar an gcorp.
Is féidir le go leor torthaí agus glasraí cabhrú leat meáchan sláintiúil a choinneáil mar nach bhfuil go leor saille iontu. Tugann fianaise eolaíoch le fios gur féidir le 5-7 píosa de thorthaí agus glasraí a ithe in aghaidh an lae do riosca go dtiocfaidh go leor galar ort a laghdú.
Tá éagsúlacht tábhachtach! Tá cothaithigh thábhachtacha éagsúla i gcineálacha agus dathanna éagsúla torthaí agus glasraí, a mbíonn de dhíth ar ár gcorp fanacht sláintiúil. Mar sin, chun an tairbhe is mó a bhaint astu, déan iarracht réimse leathan torthaí agus glasraí a ithe ó gach ceann de na grúpaí dathanna – dearg, oráiste, buí, glas, corcra, gorm agus bán.
Is féidir torthaí agus glasraí a ullmhú ar go leor bealaí éagsúla. Is féidir iad a ithe amh nó cócaráilte, úr nó reoite, agus fiú stánaithe ina súnna nádúrtha. Is féidir iad a chur le caoineoga freisin, a bhíonn an-bhlasta! Is fearr torthaí agus glasraí a ithe ina n-iomláine toisc go líonfaidh siad thú agus go soláthraíonn siad níos mó snáithín.
Dearg
Tá frithocsaídeoir, ar a dtugtar lícipéin, i dtorthaí agus glasraí dearga cosúil le trátaí a thugann a lí dhearg dóibh. Is frithocsaídeoir thábhachtach é lícipéin a d'fhéadfadh cabhrú le cosaint i gcoinne galar croí agus roinnt ailsí. Is foinsí saibhre vitimín C iad sútha talún agus piobair dhearga atá tábhachtach do chraiceann, cneasú créachta agus feidhm imdhíonachta.
Oráiste/Buí
Tá cion ard caraitéine i dtorthaí agus glasraí oráiste, atá ina chineál Vitimín A. Coinníonn sé seo ár súile sláintiúil agus cuireann sé le córas imdhíonachta sláintiúil. Is foinsí maithe iad cairéid, scuais agus prátaí milse; sin an fáth a gcloiseann muid go minic go gcabhraíonn cairéid linn feiceáil sa dorchadas! Tá cion ard Vitimín A i dtorthaí agus glasraí buí cosúil le grán milis, péitseog agus papá saibhir freisin. Tá cion ard potaisiam i mbananaí, léigh ar aghaidh le fáil amach cén fáth a bhfuil potaisiam tábhachtach dár gcorp.
Glas
Is lí í clóraifill a thugann a ndath bríomhar do thorthaí agus glasraí glasa. Tá raon ceimiceán tábhachtacha i nglasraí glasa a d'fhéadfadh cosaint a thabhairt i gcoinne damáiste fuileadáin agus ailsí áirithe. Is foinsí saibhre fóláite, vitimín E agus iarainn iad glasraí glasa duilleacha cosúil le spionáiste, cál agus brocailí. Is frithocsaídeoir thábhachtach eile é Vitimín E a chosnaíonn ár gcealla ó dhamáiste.
Gorm/Corcra
Is frithocsaídeoirí iad antóiciaininí a thugann a ndath sainiúil do bhianna gorma agus corcra. Cosnaíonn an frithocsaídeoir seo cealla i gcoinne damáiste agus d'fhéadfadh sé an baol go dtarlódh galair éagsúla a laghdú, lena n-áirítear galar cardashoithíoch. I measc na mbianna a bhfuil cion mór antóiciaininí iontu tá fraocháin ghorma, biatas, cabáiste dearg agus fíonchaora corcra.
Bán agus Béas/Donn éadrom
I dtorthaí agus glasraí bána agus donna, tá fíteaceimiceáin tábhachtacha a chuireann sláinte an chroí chun cinn, agus a neartaíonn an córas imdhíonachta. Tá go leor snáithín sna bianna seo, rud a choinníonn níos iomláine muid níos faide agus a choinníonn gach rud ag gluaiseacht inár gcóras díleá. I measc na mbianna sin tá oinniúin, cóilis, meacan bán, gairleog, muisiriúin agus prátaí.
Le haghaidh roinnt inspioráide d'oidis atá lán de thorthaí agus glasraí, féach ar leathanach oideas Bhord Bia!
Bainístíonn Bord Bia in Éirinn Clár Itheacháin Sláintiúil Food Dudes agus maoiníonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara é le tacaíocht ón Aontas Eorpach faoi Sceim Torthaí agus Glasraí na Scoileanna. Is é an tAonad Taighde ar Ghníomhaíocht Bhia i Scoil na Siceolaíochta in Ollscoil Bheannchar, sa Bhreatain Bheag, a d’fhorbair an clár. Cóipcheart © 2004 Ollscoil Bheannchar.