Ní gá go mbeadh torthaí agus glasraí leadránach agus neamhbhlasta. Cuir i láthair ar bhealaí éagsúla iad agus cuir éagsúlacht ar fáil (smaoinigh ar thuar ceatha), ionas gur féidir le do pháiste a fháil amach, ní hamháin na buntáistí sláinte a bhaineann leo a chur san áireamh ina n-aiste bia, ach an spraoi is féidir a bheith acu agus iad á n-ullmhú agus á gcur i láthair. Déan cinnte go mbíonn siad páirteach ó thús go deireadh, ón tralaí go dtí an tábla. Le beagán de phleanáil agus obair ullmhúcháin, is féidir bosca lóin shláintiúil a phacáil atá sodhéanta agus spraíúil.
Spreag na páistí torthaí agus glasraí a ithe mar sneaiceanna sa bhaile agus ar scoil chomh maith. Is féidir le sneaiceanna a bheith sláintiúil agus ní chaithfidh siad a bheith ina ndramhbhia.
Níl babhlaí torthaí réamhphacáilte (neamh-mhilsithe) níos lú ó thaobh cothaithe de mar go bhfuil siad pacáilte ina súnna féin, a choinníonn an chuid is mó de na cothaithigh agus den snáithín. Seans go dtaitneoidh siad seo le páistí mar go mbíonn sé éasca an craiceann a bhaint díobh, go mbíonn siad ildaite agus go dtagann na torthaí ina smailcíní. Is féidir leat iarracht a dhéanamh freisin do bhabhla torthaí féin a dhéanamh sa bhaile, i gcoimeádán beag plaisteach leis na torthaí is fearr leis an bpáiste.
Ina theannta sin, tá torthaí ó channa (neamh-mhilsithe) go maith le húsáid má tá na torthaí as séasúr, ar nós anann, péitseoga, piorraí, aibreog, mangónna agus sméara. D'fhéadfadh torthaí ó channa a bheith chomh cothaitheach le torthaí úra. Is féidir iad a ithe ina n-aonar nó a mheascadh isteach i sailéad torthaí. Coinnigh an canna in áit fhionnuar go mbeidh sé réidh le húsáid, taosc na torthaí stánaithe go maith ionas nach sceithfidh an sú thar bhia eile agus cuir i gcoimeádán beag le spúnóg iad.
Ní chaithfidh ceapairí a bheith leadránach! Ba chóir go mbeadh glasraí iontu i gcónaí, mar shampla cairéad grátáilte, cúcamar, trátaí, leitís, piobair dhearga, buí agus glasa mionghearrtha, agus oinniúin. Roghnaigh aráin spéisiúla le haghaidh ceapairí agus rollaí m.sh. arán piota, arán caiscín, béigil, craicir lánghráine agus cácaí ríse.
I gcaitheamh an gheimhridh, is féidir anraith de dhéantús baile a chur i bhfleasc do na laethanta fliucha fuara sin! Is rogha shláintiúil iad anraithí atá pacáilte le glasraí chun an córas imdhíonachta a threisiú agus foinse teasa a chruthú ag an am céanna.
Tabhair isteach torthaí nó glasraí nua gach seachtain, ina cheann agus i méideanna beaga intomhaiste. Ná déan dearmad, mura dtaitníonn sé leo an chéad uair, é a thabhairt dóibh arís mar go dtógann sé ceithre bhlaiseadh ar an meán de bhia nua chun go mbeidh páiste in ann taitneamh a bhaint as.
Is bealach maith iad sailéid chun glasraí éagsúla a chur ar fáil. Faigh amach na glasraí is fearr le do pháiste agus ansin cuir rud éigin nua leis an éagsúlacht. Bain triail as glasraí mar shampla cairéid, soilire, trátaí silíní, cúcamar, leitís agus muisiriúin chnaipe. Pacáil sailéid i gcoimeádán ar leith agus coinnigh fuar iad go mbeidh siad réidh le dul ar scoil, chun glasraí a choinneáil briosc agus blasta ag am lóin.
Is bealach maith iad caoineoga torthaí chun éagsúlacht torthaí a chur ar fáil, mar shampla sútha talún, mangó, banana beag agus oráiste atá brúite a mheascadh. Níl ort ach iad a chur i gcumascóir agus a mheascadh le chéile.
Is féidir torthaí úra chomh maith le torthaí reoite a úsáid ag brath ar shéasúracht.
'Ndeochanna' sú torthaí: Déantar fíorshú torthaí go hiomlán de shú torthaí, mar a bheifeá ag súil leis. Mar sin féin, bíonn i bhfad níos lú sú i "ndeochanna sú torthaí", chomh beag le 6%. Níl i gcuid mhaith de na "deochanna sú torthaí" mar a thugtar orthu ach uisce siúcrúil a bhfuil blas sú air agus tá níos mó uisce agus siúcra iontu ná fíorshú torthaí. Tá blastóirí saorga, milseoirí agus dathúcháin i gcuid mhaith acu freisin. Dá bhrí sin, má tá tú chun deoch sú torthaí a thabhairt do do pháiste, déan cinnte go bhfuil 100% fíorshú torthaí ann. Is féidir é seo a áireamh mar chuid thoraidh.
Bainístíonn Bord Bia in Éirinn Clár Itheacháin Sláintiúil Food Dudes agus maoiníonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara é le tacaíocht ón Aontas Eorpach faoi Sceim Torthaí agus Glasraí na Scoileanna. Is é an tAonad Taighde ar Ghníomhaíocht Bhia i Scoil na Siceolaíochta in Ollscoil Bheannchar, sa Bhreatain Bheag, a d’fhorbair an clár. Cóipcheart © 2004 Ollscoil Bheannchar.