Tá muid tiomanta don mhéid is féidir linn a dhéanamh chun cabhrú le páistí a mhúineadh faoi na buntáistí a bhaineann le stíl mhaireachtála cothrom chun tacú lena bhfolláine fhisiciúil agus mheabhrach araon. Ina theannta sin, aithníonn muid an nasc idir an bia a itheann muid agus sláinte an phláinéid ar a maireann muid. Tá muid ag iniúchadh modhanna nua pacáistithe, ábhair luaíochta, agus próisis phriontála go leanúnach - ag feabhsú gach ceann de réir mar a théann muid ar aghaidh - chun a chinntiú go bhfanfaidh Food Dudes ina chlár rathúil le fócas inbhuanaithe.
Faigh amach conas atá muid chomh tiomanta don inbhuanaitheacht:
Pacáistiú Inmhúirínithe
Ó mhí na Samhna 2022 i leith, tá ár gcuid torthaí agus glasraí go léir curtha ar fáil do scoileanna i bpacáistiú iomlán inmhúirínithe. Tógtar an pacáistiú seo, agus aon dramhbhia, ó scoileanna go dtí áis mhúirínithe deimhnithe CRE, áit a n-úsáidfear go sábháilte é. Tá an pacáistiú saincheaptha le haghaidh Food Dudes, ag baint úsáid as TIPA LAM 607. Tá gach táirge TIPA go hiomlán inmhúirínithe. Déantar seachadtaí Food Dudes mar chóras inmhúirínithe lúb iata deimhnithe CRE, a chinntíonn go mbailítear agus go múirínítear an pacáistiú agus an dramhbhia go freagrach i gcóras inrianaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Tá athrú ó bhonn déanta ag an gcóras seo ar an gcaoi a gcuireann muid clár Food Dudes ar fáil agus tá sé mar chuid dár dtiomantas leanúnach don inbhuanaitheacht.
Táirgí Úra
Déantar torthaí agus glasraí úra a ní, a mhionghearradh, a ullmhú agus a phacáil i bpacáistiú inmhúirínithe gach lá lena seachadadh chuig suas go 20,000 dalta ar fud na tíre a ghlacann páirt i Food Dudes.
Le linn Chéim 1 den chlár, faigheann daltaí ó naíonáin bheaga go dtí rang a 1 16 lá seachadta, ar thimthriall 4 lá. Le linn na hidirghabhála, blaisfidh daltaí sóisearacha gach toradh agus glasra 4 huaire, mar chuid den mhúnla blais agus iarrachta. I measc na dtorthaí agus na nglasraí a cuireadh ar fáil in 2023 bhí: Úlla, oráistí, fraocháin, bananaí, cairéid, piobair, trátaí silíní, cúcamar.
Le linn Sheachtain na Food Dudes bíonn deis ag páistí triail a bhaint as torthaí agus glasraí éagsúla thar 5 lá seachadtaí. Tá muid tiomanta do tháirgí Éireannacha a aimsiú agus a chur san áireamh nuair a bhíonn siad séasúrach agus ar fáil. I measc na dtáirgí Éireannacha a cuireadh ar fáil ar an gclár i mbliana tá sútha talún, úlla, piobair, cairéid agus cúcamar.
Duaiseanna
Ag teacht lenár dtiomantas inbhuanaitheachta, rinne muid athbhreithniú ar ár nduaiseanna agus bhain muid an pacáistiú plaisteach. Tá nuashonrú déanta againn freisin ar na duaiseanna, le dearaí nua páipéir agus adhmadbhunaithe déanta as ábhair a fhaightear go hinbhuanaithe nuair is cuí. I measc na nduaiseanna reatha atá ar fáil do scoileanna tá:
Acmhainní Digiteacha
D'oibrigh muid chun aistriú chuig tairiscint dhigiteach do go leor dár n-acmhainní. Tá eipeasóid fhíse Food Dudes ar fáil le féachaint orthu ar líne, tá laghdú suntasach déanta againn ar tháirgeadh DVD agus freastal á dhéanamh againn ar riachtanais na scoileanna fós. Tá go leor dár n-ábhair, dár n-acmhainní agus dár ngníomhaíochtaí oideachais curtha ar fáil ar líne againn freisin, mar chuid d'iarrachtaí leanúnacha chun ár dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú.
Ábhair Phriontála
Tá cumarsáid daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí ríthábhachtach do rath Chlár Bia Sláintiúil Food Dudes. Le 18 mí anuas, chuir Food Dudes a lán éifeachtachtaí priontála inbhuanaithe i bhfeidhm, lena n-áirítear:
Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi ghné ar bith dár n-inbhuanaitheacht, déan teagmháil linn ag fooddudes@bordbia.ie
Bainístíonn Bord Bia in Éirinn Clár Itheacháin Sláintiúil Food Dudes agus maoiníonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara é le tacaíocht ón Aontas Eorpach faoi Sceim Torthaí agus Glasraí na Scoileanna. Is é an tAonad Taighde ar Ghníomhaíocht Bhia i Scoil na Siceolaíochta in Ollscoil Bheannchar, sa Bhreatain Bheag, a d’fhorbair an clár. Cóipcheart © 2004 Ollscoil Bheannchar.