Eolas faoi Food Dudes

Cad is Food Dudes ann? 

Is éard atá i Food Dudes ná clár itheachán sláintiúil náisiúnta na hÉireann do
bhunscoileanna.

Oibríonn sé trí athrú dearfach a chur i bhfeidhm ar dhearcadh leanaí i leith
torthaí agus glasraí úra a ithe. Baintear é seo amach trí na 3 phríomhghné seo a leanas a chur i bhfeidhm le chéile – bianna a bhlaiseadh arís agus arís eile, duaiseanna agus rólmhúnlú - ar thimthriall athfhillteach 4 bliana.


Roinntear na bliainghrúpaí mar seo a leanas: Ranganna Sóisearacha, Meánranganna agus Ranganna Sinsearacha, agus baineann cur chuige ar leith le gach grúpa díobh. Baineann na hábhair shóisearacha leis na Naíonáin Shóisearacha, Naíonáin Shinsearacha agus Rang 1. Baineann na hábhair idirmheánacha le Rang 2, Rang 3 agus Rang 4. Baineann na hábhair shinsearacha le Rang 5 agus Rang 6.

Bliain 1  An Idirghabháil - Céim 1

Baintear triail as ceithre cinn de thorthaí agus glasraí éagsúla ar rothlú thar
thréimhse 16 lá i gcás na Ranganna Sóisearacha, nó ar feadh 5 lá i gcás na Meánranganna agus na Ranganna Sinsearacha. Léitear litir ó na Food Dudes do na daltaí sóisearacha agus féachann siad ar eipeasóid ina bhfuil carachtair de chuid Food Dudes. Cuirtear duaiseanna agus greamáin ar fáil chun tacú leo píosaí torthaí agus glasraí a ithe, chun nósanna dearfacha a spreagadh.

Ag deireadh na hidirghabhála, tugtar bosca lóin de chuid Food Dudes do na daltaí chun tús a chur le Céim 2.

Bliain 1  Dírithe ar an mBaile - Céim 2

Tá sé mar aidhm ag Céim 2 ithe fadtéarmach a choinneáil agus leathnaítear é go dtí an baile ina spreagtar leanaí agus tuismitheoirí a gcuid torthaí agus glasraí féin a thabhairt ar scoil gach lá ina mbosca lóin Food Dudes speisialta.

Úsáidtear cairteacha balla sa seomra ranga chun dul chun cinn a spreagadh agus a thaifeadadh agus faigheann na leanaí teastais nuair a shroicheann
siad garspriocanna ar a luas féin le himeacht ama.

Bliain 2 -4  Seachtain Food Dudes - Céim 3

Reáchtáiltear seachtain de laethanta blaiste - Seachtain Food Dudes - i mbliain 2-4 den timthriall. Tugann sé seo deis do dhaltaí Sóisearacha nua dul i dtaithí ar an gclár, sula mbeidh siad páirteach ina gCéim Idirghabhála iomlán féin. Tugann sé deis do ghrúpaí ranga eile cur lena n-ithe sna blianta idir an Idirghabháil, ag daingniú agus ag leathnú a gcuid foghlama.

Do na Meánranganna agus Ranganna Sinsearacha, is deis é seo dóibh
tuiscint níos doimhne a fháil ar stíleanna maireachtála sláintiúla agus iad a spreagadh le bheith ina n-eiseamláirí iad féin do ranganna níos óige.
Cuirtear acmhainní atá nasctha leis an gcuraclam ar fáil do na ranganna go léir chun tacú lena gcuid foghlama, chomh maith le físeáin shaincheaptha do Sheachtain Food Dudes agus leabhrán maidir le hItheachán Sláintiúil le húsáid sa bhaile.


Spreagtar scoileanna Seachtain Food Dudes a úsáid mar dheis chun cúrsaí sláinte agus folláine a chur chun cinn ar fud phobal na scoile agus níos faide i gcéin.

Coinníonn an chéim seo rannpháirtíocht fhadtéarmach iar-idirghabhála leis an
gclár agus déantar méadú leanúnach ar ithe torthaí agus glasraí ar feadh na scoilbhliana ar fad. Ligeann sé seo do leanaí nósanna itheacháin sláintiúla a fhorbairt don saol!

Blaiseadh arís is arís eile:

Dá mhéad a bhlaisimid bia ar leith, is é is mó a thaitníonn sé linn. Léiríonn an fhianaise go mbíonn gá uaireanta leis an mbia céanna a bhlaiseadh suas le 15 huaire nó níos mó sula dtaitneoidh sé leat.

Cuireann Food Dudes torthaí agus glasraí éagsúla ar fáil do pháistí le triail a bhaint astu ar bhonn rothlaithe agus ar bhealach spraíúil spreagúil. Ar fud an timthrialla 3 bliana, leathnaítear blas na leanaí de réir mar a bhíonn siad ag baint triail as táirgí úra éagsúla agus ag tosú ar bhianna nua a chur lena réim bhia.

image

Duaiseanna

Tá Food Dudes bunaithe ar mhúnla a bhfuil bunús eolaíoch leo a léiríonn go bhféadfadh duaiseanna a bheith an-éifeachtach chun athrú marthanach a chur i bhfeidhm ar stíleanna maireachtála leanaí. Le linn na Céime Idirghabhála den chlár, bronntar duaiseanna éiceabhácha ar leanaí ó am go chéile tar éis dóibh na píosaí torthaí agus glasraí a chuirtear ar fáil dóibh a bhlaiseadh.

I measc na nduaiseanna reatha a chuirtear ar fáil do scoileanna príomhshrutha, tá:


-Leabhar nótaí greamaitheacha den téama torthaí agus glasraí
-Pinn luaidhe dathadóireachta adhmaid
-Peann luaidhe agus rialóir bambú
-Buidéal uisce alúmanaim

Bunaithe ar aiseolas ó mhúinteoirí, tá sraith duaiseanna saincheaptha á gcur ar fáil anois do scoileanna speisialta. Fuarthas na duaiseanna seo do leanaí a bhfuil lagscileanna mínluaile acu, agus áirítear leo:


-Stopuaireadóir Food Dudes
-Liathróid solais céadfach
-Torthaí cúrphlaistigh
-Boscaí lóin ildaite déanta ó ábhair athchúrsáilte

Cuirtear raon Teastais Ghnóthachtála agus greamáin ar fáil do scoileanna príomhshrutha agus scoileanna speisialta chun cur leis na duaiseanna móra.

image

Rólmhúnlú

image

Déanann leanaí mar a fheiceann siad daoine eile ag déanamh. Agus iad ag tosú ar a gcuid féiniúlachta féin a chruthú maidir le hiompar a dtuismitheoirí, a dteaghlach agus a bpiaraí, tá sé tábhachtach eiseamláirí dearfacha a chur ar fáil chun cabhrú leo iad a threorú ina gcuid gníomhartha.

Léiríonn clár Food Dudes eiseamláirí dearfacha do leanaí trí charachtair na Food Dudes, mar aon lena gcomhdhaltaí scoile, múinteoirí, teaghlaigh agus daoine cáiliúla.

Gach lá le linn na céime Idirghabhála, faigheann daltaí Sóisearacha litir agus/nó féachann siad ar eipeasóid de chuid Food Dudes. Tá scéalta sna litreacha agus sna heipeasóidí seo faoi na carachtair agus iad ar thóir na bPuncaí Dramhaíola, scéalta a spreagfaidh na leanaí le níos mó torthaí agus glasraí a ithe.