Failte go Food Dudes Spraoi sa Bhaile!

Tá cluichí, bileoga oibre, gníomhaíochtaí agus físeáin againn do thuismitheoirí
le híoslódáil atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do pháistí bunscoile de gach aois foghlaim faoi thorthaí,
glasraí agus bia sláintiúil i mbealach spraíúil agus suimiúil. 

Bí ag comhrá linn ar #FoodDudesFun

 

Food Dudes Spraoi sa Bhaile?

Failte go Food Dudes Spraoi sa Bhaile!

Tá cluichí, bileoga oibre, gníomhaíochtaí agus físeáin againn do thuismitheoirí
le híoslódáil atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do pháistí bunscoile de gach aois foghlaim faoi thorthaí,
glasraí agus bia sláintiúil i mbealach spraíúil agus suimiúil. 

Bí ag comhrá linn ar #FoodDudesFun

 

Blas agus Bain Triail as

An bhfuil a fhios agat gur féidir lenár mblaslóga forbairt le himeacht ama? Mar leanaí, is féidir linn ár mblaslóga a oiliúint trí iad a nochtadh do bhianna éagsúla. Le himeacht ama tosaíonn muid ag baint taitneamh as bianna sláintiúla áirithe. Ar an mbealach seo is féidir linn ár bpailéad a leathnú agus go leor bianna nua a chur lenár n-aiste bia. Má thugann muid isteach aiste bia sláintiúil, atá lán de thorthaí agus glasraí blasta ó aois óg, is féidir linn ár mblaslóga a fhorbairt chun go leor bianna cothaitheacha éagsúla a thabhairt isteach agus muid ag fás aníos.

Dá mhéad a bhlaiseann muid bia, is ea is mó a fhoghlaimíonn muid conas sult a bhaint as an mblas agus tá go leor fianaise ann a thacaíonn leis sin. B’fhéidir nach dtógfadh sé ach cúpla blas de bhia, nó cúig iarracht dhéag. Braitheann sé ar an bpáiste, áfach, agus braitheann sé freisin ar an gcineál bia. Sin an fáth a dtugann an clár Food Dudes deis do gach páiste triail a bhaint as torthaí agus glasraí nua 4 huaire, ar a laghad, le linn an chláir Food Dudes. Cinntíonn sé seo go bhfaigheann gach duine an deis sult a bhaint as cineálacha nua torthaí agus glasraí.

Foghlaim Nios Mó