Oidis Food Dudes

Píotsa Liamháis Shláintiúil

A dhóthain do
2 dhuine fhásta nó 4 pháiste
Am ullmhúcháin
10 nóiméad
Am cócarála
10 nóiméad

Trealamh ag Teastáil: Oigheann, 2 thráidire bácála, Spúnóg, Scian ghéar nó gearrthóir phíotsa

Príomh-Chomhábhair

  • Leathchanna de smutáin anainn
  • 4 spúnóg bhoird d’anlann trátaí, purée trátaí nó passata
  • Canna de ghrán milis, silte
  • 100g mozzarella, grátáilte (is féidir céadar a úsáid nó meascán den dá cheann)
  • 200g liamhás cócaráilte, stróicthe
  • 2 bhonn píotsa
  • Salann agus piobar dubh úrmheilte (roghnach)

Modh

  1. Réamhthéigh an t-oigheann go dtí 210°C/190°C fean/gásmharc 7 (nó cibé teocht a shonraítear ar an bpacáistiú boinn phíotsa)
  2. Leath an t-anlann trátaí, purée nó passata ar na boinn phíotsa
  3. Fág spás beag timpeall na n-imill don chrústa
  4. Croith an cháis ghrátáilte air, á leathadh amach i mbrat cothrom
  5. Leath amach an liamhás, anann agus grán milis thar an dá phíotsa
  6. Cuir san oigheann ar feadh 10 nóiméad iad, ansin seiceáil an bhfuil siad réidh: ba chóir go mbeadh an crústa órga agus an cháis ag boilgearnach. Mura bhfuil, cuir ar ais san oigheann iad ar feadh 2 nóiméad eile/li>
  7. Sleamhnaigh an píotsa ar phlátaí, roinn in ocht bpíosa iad agus cuir sailéad leo

Leid Iontach

Mura bhfuil boinn phíotsa agat, is féidir tortillas a úsáid nó fiú rolla aráin atá gearrtha ina dhá leath ar a bhfad. Is féidir na roghanna seo a chócaráil faoin ngríoscán seachas san oigheann más maith leat.

Leid Iontach

Is féidir liamhás ón gcuntar deilí a úsáid nó aon liamhás cócaráilte atá fágtha agat ó bhéile eile. Más maith leat, thiocfadh leat sicín a úsáid in áit liamhás freisin.

Píotsa Liamháis Shláintiúil ×