Oidis Food Dudes

Suaithfhriochadh Sicín Éasca

A dhóthain do
2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
Am ullmhúcháin
10-15 nóiméad
Am cócarála
15 nóiméad

Don suaithfhriochadh sicín gasta seo, teastóidh an trealamh seo a leanas uait: Clár mionghearrtha, Scian ghéar, Friochtán mór, Pláta, Spúnóg bhoird, Spúnóg mhór (spúnóg adhmaid nó eile)

Príomh-Chomhábhair

  • 4 bhrollach sicín
  • 2 spúnóg bhoird d’ola olóige
  • Ionga gairleoige, scafa agus brúite
  • Oinniún dearg, scafa agus mionghearrtha
  • 400g glasraí úra m.sh. cairéid, brocailí, piobair, muisriúin, piseanna milse agus cúirséad
  • Píosa 4cm sinséir úr, mionghearrtha (roghnach)
  • 2 spúnóg bhoird d’anlann soighe
  • Cúpla braon d’ola sheasamain (roghnach)
  • Salann agus piobar dubh
  • Dornán lus an choire, mionghearrtha (roghnach)

Modh

  1. Téigh an friochtán mór (nó wok) go mbeidh sé an-te, agus ansin cuir isteach spúnóg bhoird ola.
  2. Suaithfhrioch an sicín ar feadh 4-5 nóiméad go dtiocfaidh dath donnórga air. Nuair a bheidh sé cócaráilte, cuir ar phláta é.
  3. Atéigh an friochtán nó wok agus cuir isteach an chuid eile den ola.
  4. Cuir isteach an ghairleog, na glasraí agus an sinséar (más maith leat) agus suaithfhrioch ar feadh cúpla nóiméad iad go n-éireoidh siad ábhairín bog.
  5. Cuir isteach an sicín arís, an t-anlann soighe, steallóg uisce, ola sheasamain (más maith leat) agus píosa piobair dhubh.
  6. Lean ort ag suaithfhriocadh ar feadh cúpla nóiméad eile. Blais é le feiceáil an bhfuil blastán ar bith ag teastáil.
  7. Croith lus an choire air más maith leat, agus is féidir an suaithfhriochadh seo a chur le núdail, rís bhruite nó dingeacha spíosracha.

Leid Iontach

Tá sé tábhachtach go leor dathanna torthaí agus glasraí a ithe gach lá. Is féidir leat an suaithfhriochadh seo a dhéanamh níos dathúla fós trí níos mó de na glasraí is fearr leat a chur isteach, mar shampla piseanna agus grán milis.

Tuilleadh Oidis

Dingeacha Práta

2 dhuine fhásta nó duine fásta agus 3 pháiste
30 nóiméad

Chilli Con Carne

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
50 nóiméad

Prátaí Stuáilte Cáise le Bagún agus Ubh

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
15-20 nóiméad

Pióg an Aoire

2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
50 nóiméad
Suaithfhriochadh Sicín Éasca ×